Buail anseo chun éisteacht
ón gceardlann
Buail anseo chun éisteacht
ón gceardlann
Chuir Harry McGee, iriseoir an Irish Examiner agallamh ar Stiúrthóir RTE, Cathal Goan.
“The Irish language is the single most conspicuous example of what makes Irish people different.”
“I don’t want to be misdiagnosed as English.”
Thug sé an chéad chuid den óráid i nGaeilge. Tá rún aige a bheith in ann labhairt go h-iomlán i nGaeilge at Tóstal ’08.
Ná bac le airgead a chaitheamh ar bhóithre na Gaeltachta go dtí go mbeidh an córas leathanbhanda curth i gcrích. Sin é an teachtaireacht lom ó phríomhfheidhmeannach an chomhlachta Bárd na nGleann. Dúirt Tomás Mac Gearailt gur lú an costas a bheidh ar na snáithíní optaice* agus gur mó an toradh a bheidh orthu.
Tá Tomás ag labhairt ag seisiún dar teideal An Ghaeilge mar Acmhainn Eacnamaíochta, faoi chathaoirleacht Liam Ó Cuinneagáin ag Tóstal na Gaeilge ar maidin.
(*Buíochas do focal.ie as an dtéarmaíocht. Áis iontach ar-líne.)
Roseanne Smith agus Lasairfhíona Ní Chonaola. Tuilleadh eolais ag tostal.ie
Buail anseo chun éisteacht leis an MP3.
Seo an chéad phodchraoladh taifeadta ag Tóstal na Gaeilge 2006. 20 nóimeád cainte a thugas ar uirlisí idirlín, “Greásán 2” mar chuid de Sheimineár do dhaltaí idirbhliana meánscoile.
Cainteoir: Conn Ó Muíneacháin
Tá Tóstal na Gaeilge faoi sheol sa Ghaillimh. Tá an suíomh seo curtha in eagar agam chun blagáil a dhéanamh ar an ócáid.
Má tá tú ag freastal ar Tóstal le linn an deireadh seachtaine, agus mian leat cuidiú leis an iarracht, dein teagmháil liom (imeall@gmail.com), agus tabharfaidh mé cead scríte duit ar an mblag seo.
Nó má tá blag agat cheana, b’fhéidir go mba mhaith leat cur leis an gcomhbhailiú faoin lipéad tostal06?